Cén chaoi le tús a chur leis

Is próiseas aon uaire é clárú le haghaidh cuntas um Bosca Poist Digiteach. Beidh cuntas MyGovID ag teastáil uait chun tús a chur leis. Cinntíonn sé sin gur féidir a fhíorú cé thú féin, rud a chosnaíonn do chuntas. Nuair a bheidh tú logáilte isteach, iarrfar ort glacadh lenár dtéarmaí agus coinníollacha, ag ligean do gach Comhlacht Seirbhíse Poiblí teachtaireachtaí a sheoladh go dtí do Bhosca Poist Digiteach. Agus anois atá tú faoi lán seoil, beidh tú in ann do chuid litreacha, teachtaireachtaí agus ráiteas a fháil ar an toirt i do Bhosca Poist Digiteach.

Céimeanna chun tús a chur leis:

  1. Téigh go dtí tairseach an Bhosca Poist Dhigitigh
  2. Bain úsáid as MyGovID chun logáil isteach
  3. Glac leis na Téarmaí agus Coinníollacha
  4. Glac le gach Comhlacht Seirbhíse Poiblí a bheidh ag seoladh teachtaireachtaí chugat
  5. Tá tú réidh le do chuid teachtaireachtaí a fháil.

Conas do chuntas a scriosadh:

Má shocraíonn tú am ar bith nach dteastaíonn uait leas a bhaint as an mBosca Poist Digiteach níos mó, is féidir leat do chuntas a scriosadh agus do thoiliú a tharraingt siar. Le haghaidh tuilleadh faisnéise cliceáil anseo.

Céard é an Bosca Poist Digiteach?

An réiteach um sheachadadh slán poist le haghaidh teachtaireachtaí Rialtais

Cé chomh slán is atá sé?

Agat féin amháin a bheidh rochtain ar do chuid teachtaireachtaí

Cé atá in ann Post Digiteach a sheoladh chugam?

Beidh na Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí seo a leanas in ann teachtaireachtaí a sheoladh chugat