Sábháilte agus Slán

Ligeann sé duit do chuid teachtaireachtaí Rialtais tábhachtacha go léir a fháil agus a stóráil go slán sábháilte. Tá slándáil agus príobháideachas sonraí trí dhearadh ina chroílár agus baintear úsáid as na huirlisí agus teicnící slándála is fearr amuigh.

Seachadadh tapa éifeachtúil

Seachadfar do chuid teachtaireachtaí Rialtais ar an toirt agus beidh rochtain láithreach agat orthu. Seachadtar gach teachtaireacht i bhfíor-am. Ní chuirtear aon am amú ag fanacht le do chuid teachtaireachtaí dá bhrí sin, rud a fhágann go mbeidh seirbhís níos tapa agus níos éifeachúla agat.

Rochtain éasca

Tugann sé rochtain duit ar do chuid teachtaireachtaí go léir in aon áit amháin. Stóráiltear iad chomh fada agus is mian leat agus is féidir leat iad a eagrú agus a scriosadh de réir mar a roghnaíonn tú. Tá fáil air ó áit ar bith ag am ar bith, ar do ghuthán póca,ar do tháibléad agus ar do ríomhaire deisce.

Ní dhéanann sé dochar don timpeallacht

Beidh fáil ar do chuid cápéisí go léir go digiteach, rud a chuirfidh feabhas ar an lorg coise timpeallacht toisc go mbeidh níos lú páipéir á úsáid agus go mbeidh na hastaíochtaí CO2 níos ísle ná post traidisiúnta.

Fógraí ar an toirt

Faigh fógraí ar an toirt tríd an ríomhphost agus/nó SMS (agat féin an rogha) nuair a thagann teachtaireacht nua. Ní bheidh tú ag fanacht le litreacha a theact sa phost níos mó.

Éasca Iena Úsáid

Cuireann sé ar do chumas do chuid teachtaireachtaí a chuardach, a chut in ord is in eagar, a scagadh agus a eagrú ar an mbealach atá uait. Beidh do chuntas Bosca Poist Dhigitigh aonair féin agat agus tabharfaidh sé sin rochtain duit ar do chuid teachtaireachtaí Rialtais go léir in aon áit amháin,ar feadh chomh fada agus in mian leat.

Cé chomh slán is atá sé?

Agat féin amháin a bheidh rochtain ar do chuid teachtaireachtaí

Cé atá in ann Post Digiteach a sheoladh chugam?

Beidh na Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí seo a leanas in ann teachtaireachtaí a sheoladh chugat

Cén chaoi a n-úsáidfidh mé é?

Gach cabhair a theastaíonn uait a chur ar bun agus é a úsáid