Slándáil i dtaca leis an mBosca Poist Digiteach

Maidir le do chuid teachtaireachtaí sa Bhosca Poist Digiteach, stóráiltear iad ar an láthair in ionaid sonraí shlána de chuid an Rialtais, agus baintear úsáid as na láthair in ionaid sonraí shlána de chuid an Rialtais, agus baintear úsáid as na huirlisí agus teicnící slándála is fearr amuigh. Agat féin amháin a bheidh rochtain ar na teachtaireachtaí seo, agus tá na teachtaireachtaí faoi do smacht go huile is go hiomlán – is féidir leat teachtaireacht ar bith a scriosadh am ar bith.

Céard é MyGovID?

Is féidir logáil isteach ar na seirbhísí Rialtais go léir in Éirinn trí MyGovID agus tugann sé rochtain shábháilte ar líne duit ar an mBosca Poist Digiteach. Caithfidh cuntas MyGovID deimhnithe a bheith agat le go mbeidh tú in ann logáil isteach ar do mBosca Poist Digiteach sábháilte agus slán nach mbeidh rochtain ag aon duine eile air. Tógadh MyGovID ón mbonn aníos agus bhí príobháideachas agus slándáil phearsanta ina chroílár ón tús.

Ach úsáid a bhaint as MyGovID, roinnfear na sonraí seo a leanas leis an mBosca Poist Digiteach:

Ní roinnfear na sonraí pearsanta sa Bhosca Poist Digiteach le haon Chomhlacht Seirbhíse Poiblí. Tá níos mó eolais faoi seo ar fáil sa ráiteas príobháideachais.

Ráiteas Príobháideachais →

Céard é an Bosca Poist Digiteach?

Do réiteach seachadta poist slán do chumarsáid Rialtais.

Cé atá in ann Post Digiteach a sheoladh chugam?

Beidh na Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí seo a leanas in ann teachtaireachtaí a sheoladh chugat

Cén chaoi a n-úsáidfidh mé é?

An chabhair ar fad a bheidh ag teastáil uait chun do Bhosca Poist Digiteach a chur ar bun agus a úsáid