Ráiteas Príobháideachais

Fógra um Príobháideachas

Is éard is cuspóir leis an bhFógra um Príobháideachas seo ná achoimre a thabhairt ar thiomantas na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go seasfar le ceart úsáideoirí an Bhosca Poist Dhigitigh chun príobháideachais. Leagtar amach san Fhógra seo an chaoi a bpróiseáiltear do shonraí pearsanta sa Bhosca Poist Digiteach. Foilseofar i dteanga shimplí, shothuigthe é agus beidh sé ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhosca Poist Dhigitigh.

Féachfaidh an Fógra um Príobháideachas le cabhrú le húsáideoirí tuiscint a fháil ar an eolas a bhailítear, an fáth a mbailítear é agus an chaoi a bhféadfaí é a bhainistiú, a fháil agus a scriosadh.  Chun úsáid a bhaint as an mBosca Poist Digiteach, caithfidh gach úsáideoir toiliú follasach a thabhairt do agus aontú leis an bhfógra um príobháideachas.

Réamhrá

Is seirbhís seachadta poist ar líne a chuireann rogha eile ar fáil seachas post traidisiúnta nó ríomhphoist é an Bosca Poist Digiteach.  Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a chuireann an tseirbhís seo ar fáil thar ceann Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí agus cuireann sé ar a cumas teagmháil shábháilte a dhéanamh leat. Tá meas iomlán ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar do cheart chun príobháideachais, agus ní phróiseálfaidh sí aon chuid de d’eolas pearsanta ar mhaithe leis an mBosca Poist Digiteach gan cead soiléir a fháil uait.

Cuirfear tús le próiseáil sonraí ach ordú follasach a fháil, nuair a roghnaíonn tú an Bosca Poist Digiteach a úsáid chun teachtaireachtaí ar bith (litreacha agus doiciméid) a fháil ó Chomhlachtaí Seirbhíse Poiblí. Caithfear le haon eolas pearsanta a chuireann tú ar fáil go sábháilte agus go rúnda agus de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018 agus an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).

Mínítear roinnt téarmaí teicniúla a úsáidtear san fhógra seo ag deireadh an leathanaigh seo.

Eolas pearsanta a bhailiú agus a úsáid

Glacfaidh an Bosca Poist Digiteach le prionsabal “roghnach” de réir réamhshocraithe agus ciallaíonn sé seo nach mbaileofar nó nach roinnfear sonraí go dtí go bhfaighfear cead uait ar dtús. Beidh smacht iomlán agat ar do chuntas, is fút féin atá sé rogha a dhéanamh faoin mBosca Poist Digiteach a úsáid. Ina theannta sin, is féidir leat díliostáil ón mBosca Poist Digiteach am ar bith, agus cuirfear stop le bailiú, roinnt agus stóráil na sonraí.

Beidh an Bosca Poist Digiteach ina stór pearsanta duit do chineálacha difriúla teachtaireachtaí a sheachadtar go díreach chugat ó Chomhlachtaí Seirbhíse Poiblí Nuair a roghnaíonn tú an tseirbhís seo, beidh Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí in ann teachtaireachtaí a sheoladh go díreach chuig do chuntas.

Beidh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ina próiseálaí sonraí maidir le teachtaireachtaí a phróiseáil, agus aontófar comhaontuithe maidir leis an bpróiseálaí Sonraí le gach Comhlacht Seirbhíse Poiblí chun seachadadh na dteachtaireachtaí seo a éascú dá réir. D’fhéadfadh do shonraí pearsanta a bheith sna teachtaireachtaí seo, agus d’fhéadfadh sonraí pearsanta atá íogair a bheith iontu freisin.  Tá rochtain agat féin amháin ar na teachtaireachtaí i do Bhosca Poist Digiteach.

Cosnófar agus deimhneofar an rochtain atá agat ar an mBosca Poist Digiteach ach MyGovID a úsáid. Tá príobháideachas agus slándáil phearsanta i gcroílár MyGovID ón tús. Úsáideann sé próiseas agallaimh SAFE (aghaidh ar aghaidh) de chuid na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí chun d’aitheantas ar líne a dheimhniú. Cinnteoidh sé seo an méid seo a leanas:

Má shocraíonn tú an Bosca Poist Digiteach a úsáid, aistreofar an t-eolas pearsanta seo a leanas ó do chuntas MyGovID go dtí cuntas an Bhosca Poist Dhigitigh.

Beidh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ina rialaitheoir sonraí maidir le sonraí do phróifíle úsáideora (a chuirfear ar fáil trí MyGovID). Shínigh an Roinn Comhaontú maidir le Comhroinnt Sonraí leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (oibritheoirí MyGovID) chun na sonraí seo a athúsáid. Tabhair faoi deara nach mbaileoidh an Bosca Poist Digiteach na sonraí seo ach amháin chun tú a aithint, seachadadh teachtaireachtaí ó Chomhlachtaí Seirbhíse Poiblí a éascú, agus teachtaireachtaí nua a chur in iúl duit.

Eolas a bhailímid go rialta

D’fhéadfaimis an t-eolas seo a leanas a fháil uait

Ní dhéanfaimid iarrachtaí cuairteoirí aonair a aithint, agus ní cheanglóimid na sonraí teicniúla a liostaítear thuas le duine ar bith. Tá sé mar pholasaí againn gan eolas teicniúil dá leithéid maidir le cuairteoirí ar an suíomh gréasáin a nochtadh riamh le tríú páirtí ar bith mura luaitear go follasach é, nó má tá orainn eolas dá leithéid a nochtadh de réir riail an dlí.  Ní úsáidfear an t-eolas thuas ach ar mhaithe le cúrsaí staitisticiúla, slándála agus teicniúla.

Fianáin

Is píosaí beaga eolais iad fianáin a stóráiltear i dtéacschomhaid shimplí agus a gcuireann suíomh gréasáin ar do ríomhaire iad. Is féidir leis an suíomh gréasáin roinnt fianán a léamh nuair a thugann tú cuairteanna air ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh an t-eolas a stóráiltear i bhfianáin a bheith bainteach le do ghníomhaíochtaí brabhsála ar an suíomh gréasáin, nó le haitheantóir ar leith ionas gur féidir leis an suíomh gréasáin ‘cuimhneamh’ ort nuair a thugann tú cuairt eile air.  Scriostar fianáin eile nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí gréasáin agus ní bhaineann siad ach le feidhmiú an tsuímh ghréasáin. Go ginearálta, ní bhíonn eolas pearsanta óna bhféadfaí thú a aithint i bhfianáin, ach amháin má thug tú eolas dá leithéid don suíomh gréasáin.  Tabhair faoi deara le do thoil nach n-oibreoidh cuid de na gnéithe den suíomh gréasáin i gceart má chasann tú as fianáin nó má athraíonn tú na socruithe.

Fianáin ar an suíomh gréasáin seo

Úsáidtear fianáin sna cásanna seo a leanas:

Google Analytics

Ní úsáidtear Google Analytics ach ar an suíomh gréasáin eolais – ní shuiteáiltear ar leathanaigh do chuntais, agus níl rochtain aige ar aon eolas nó sonraí pearsanta i do Bhosca Poist Digiteach.

Úsáidimid Google Analytics, seirbhís anailísíochta gréasáin a chuireann Google Inc. (‘Google’) ar fáil. Úsáideann Google Analytics i gcomhar leis an mBosca Poist Digiteach ‘fianáin’ ar téacscomhaid a chuirtear ar do ríomhaire iad chun cabhrú leis an suíomh gréasáin anailís a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáideann úsáideoirí an suíomh.  Tarchuirfear an t-eolas a stóráiltear sna fianáin sa Bhosca Poist Digiteach (lena n-áirítear do sheoladh IP) chuig Google agus stórálfaidh siad ar fhreastalaithe Google iad ar feadh tréimhse 26 mí. Úsáidfear an t-eolas seo chun an úsáid a bhaintear as an mBosca Poist Digiteach a mheas, tuarascálacha cineálacha ar ghníomhaíocht a chur le chéile agus eispéireas an úsáideora a fheabhsú.

Do Chearta

Faoin RGCS, is féidir le daoine a bhfuil a gcuid sonraí pearsanta sa Bhosca Poist Digiteach Iarratas Rochtana ar Ábhar Sonraí (IRAS) a chur isteach chun rochtain a fháil ar a gcuid sonraí pearsanta. Tá sé de cheart agat freisin iarratas a dhéanamh chun do shonraí pearsanta a cheartú, a scriosadh nó srian a chur le próiseáil na sonraí nó cur i gcoinne do shonraí pearsanta a phróiseáil.

Mar gheall ar an gcineál seirbhíse atá sa Bhosca Poist Digiteach – tá d’eolas pearsanta ar fad ar fáil duit nuair a logálann tú isteach sa Bhosca Poist Digiteach. Is féidir leat logáil isteach sa Bhosca Poist Digiteach chun eolas ar do phróifíl úsáideora agus teachtaireachtaí a seoladh chuig do chuntas a fheiceáil.  Is féidir leat freisin sonraí a leasú nó a scriosadh, lena n-áirítear do Bhosca Poist Digiteach a scriosadh ina iomláine.

Má tá imní ort faoin bpróiseáil a dhéantar ar do shonraí pearsanta sa Bhosca Poist Digiteach, is féidir leat dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí (OCS) na Roinne.

Is féidir dul i dteagmháil lenár OCS trí ríomhphost: dataprotection@per.gov.ie.

Más mian leat gearán a dhéanamh faoin úsáid a bhaintear as do shonraí pearsanta, is féidir leat dul i dteagmháil leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ag www.dataprotection.ie .

Saoráil Fainséise

Is féidir sonraí pearsanta a fháil faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise freisin.

Faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, tá sé de cheart ag gach duine, faoi réir srianta áirithe, rochtain a fháil ar eolas atá ag Ranna Rialtais, gníomhaireachtaí Rialtais agus comhlachtaí ainmnithe eile a fhaigheann maoiniú ón Stát. Tugann na hAchtanna cead do dhaoine rochtain ar a gcuid sonraí, atá ag comhlachtaí dá leithéid, a lorg. Níl aon táille ar an tseirbhís seo. Tá tuilleadh eolais ar Shaoráil Faisnéise ar fáil ag: https://foi.gov.ie/

Más mian leat iarratas SF a dhéanamh, ba chóir é a sheoladh trí ríomhphost chuig foi@per.gov.ie, ina bhfuil tagairt don Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, agus an oiread faisnéise agus is féidir a thabhairt faoi na taifid atá á lorg. Mar mhalairt air sin, is féidir iarratais a fháil i scríbhinn chuig an seoladh seo a leanas: An tAonad um Shaoráil Faisnéise, An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Sráid Mhuirfean Uachtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 R583

Fógra faoi Athrú

Coimeádann an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an ceart aici féin an fógra seo a leasú ar dháta ar bith amach anseo agus taispeánfaidh sí aon athrú suntasach a dhéantar anseo.