Téarmaí agus Coinníollacha

Cuspóir

Is éard is cuspóir leis an ráiteas seo ná achoimre a thabhairt ar na téarmaí agus na coinníollacha maidir leis an úsáid a bhaintear as an mBosca Poist Digiteach. Foilseofar ábhar na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar shuíomh gréasáin an Bhosca Poist Dhigitigh le gur féidir le gach úsáideoir iad a léamh agus aontú leo sula n-úsáidtear seirbhís an Bhosca Poist Dhigitigh. Féachfaidh na Téarmaí agus na Coinníollacha le hachoimre a thabhairt do dhaoine, i mBéarla simplí, maidir lena bhfuil siad ag aontú.

Iarratas

Baineann na téarmaí agus na coinníollacha seo leis an mBosca Poist Digiteach, chomh maith leis an ábhar agus na bogearraí ar fad atá gaolmhar leis an tseirbhís. Beidh an úsáid a bhaineann tú as an mBosca Poist Digiteach faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo. Iarrfar ort aontú leis na téarmaí agus na coinníollacha seo le gur féidir leat an Bosca Poist Digiteach a úsáid.

LÉIGH NA TÉARMAÍ AGUS NA COINNÍOLLACHA SEO GO CÚRAMACH LE DO THOIL. ACH ROCHTAIN A FHÁIL AR AN mBOSCA DIGITEACH POIST NÓ ACH É A ÚSÁID, AONTAÍONN TÚ GO mBEIDH TÚ FAOI CHEANGAL AG NA TÉARMAÍ AGUS NA COINNÍOLLACHA SEO.

Faoin mBosca Poist Digiteach

Tugann an Bosca Poist Digiteach rochtain dhíreach duit ar litreacha agus ar theachtaireachtaí ó Chomhlachtaí Seirbhíse Poiblí de chuid Rialtas na hÉireann. Tugann sé stór pearsanta duit ina bhféadfá an chumarsáid ar fad a fhaigheann tú ón Rialtas a bhainistiú, a chuardach agus breathnú uirthi. Tá sé mar aidhm aige áit shábháilte amháin a chur ar fáil duit ina bhfaigheann tú do chuid litreacha agus teachtaireachtaí ar fad ón Rialtas.

Tá an Bosca Poist Digiteach ar fáil ar bhonn roghnach, rud a chiallaíonn gur fút féin atá sé an tseirbhís a úsáid. Cosnófar an rochtain atá agat ar an mBosca Poist Digiteach ach MyGovID a úsáid.

Mura mian leat an Bosca Poist Digiteach a úsáid, tá sé sin go breá. Déanfaidh Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí cumarsáid leat sa bhealach a ndéanann siad faoi láthair.

Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a oibríonn an Bosca Poist Digiteach.

Do theachtaireachtaí

Ní bheidh rochtain ach agat féin ar do chuntas, agus cosnófar an rochtain atá agat ach MyGovID a úsáid. Tá tuilleadh eolais ar MyGovID ar fáil ag www.mygovid.ie .

Nuair a chláraíonn tú agus nuair a ghlacann tú leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an mBosca Poist Digiteach, cuirfidh Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí do chuid litreacha agus teachtaireachtaí pearsanta ón Rialtas go díreach chugat tríd an mBosca Poist Digiteach, nuair is féidir.

Ní bheidh cead ach ag Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí litreacha agus teachtaireachtaí a sheoladh chugat, agus bainfidh gach litir agus teachtaireacht go sainiúil leat. Ní bheidh aon pholasaí turscair i gceist leis an mBosca Poist Digiteach.

Tá tú i gceannas ar na teachtaireachtaí agus na seoltóirí, agus tá tú in ann cosc a chur le seoltóir ar bith teachtaireachtaí a sheoladh chuig do Bhosca Poist Digiteach am ar bith.

Do fhreagrachtaí

Ní mór duit

  1. do Bhosca Poist Digiteach a sheiceáil go rialta i gcomhair teachtaireachaí nua
  2. cinntiú go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agus d’uimhir fón póca ag do Bhosca Poist Digiteach chun go gcuirfear ar an eolas thú faoi theachtaireachtaí nua, agus
  3. foireann tacaíochta an Bhosca Poist Dhigtigh a chur ar an eolas láithreach má thugann tú faoi deara nó má cheapann tú go bhfuil mírialtachtaí ar do chuntas nó go bhuil mí-úsáid á baint as.

Scrios

Níl rochtain ach agat féin ar do chuid teachtaireachtaí sa Bhosca Poist Digiteach, agus is féidir leatsa amháin teachtaireachtaí a scriosadh sa Bhosca Poist Digiteach am ar bith. Tabhair faoi deara, má scriosann tú teachtaireacht – ní féidir í a fháil ar ais.  Ní féidir le riarthóirí an Bhosca Poist Dhigitigh rochtain a fháil ar ábhar do chuid teachtaireachtaí.

Is féidir leat deireadh a chur le do chuntas nó é a scriosadh am ar bith sa rannán a bhaineann le bainistíocht cuntas ar an tseirbhís. Díghníomhachtófar agus díchumasófar do chuntas mar gheall air seo agus cuirfear cosc le rochtain láithreach. Scriosfar do chuntas úsáideora ina iomláine tar éis 30 lá. Scriosfar an t-ábhar ar fad i do chuntas dá bharr seo. Tabhair faoi deara, má scriosann do chuntas – ní féidir í a fháil ar ais.

Coimeádann an Bosca Digiteach Poist an ceart aige féin teachtaireachtaí atá storáilte i do Bhosca Poist Digiteach a dhéanamh dorochtana má tá ceangal dlí air é a dhéanamh, agus má cuireadh sonraí pearsanta daoine eile i gcontúirt de thaisme.

Cuntais éagtha

Tá do Bhosca Poist Digiteach, lena n-áirítear na teachtaireachtaí ann, neamh-inaistrithe agus cuirtear deireadh le cearta ar bith a bhaineann leis nuair a fhaigheann tú bás.  Díghníomhachtófar agus díchumasófar do chuntas láithreach, agus seo a leanas a tharlóidh:

Coimeádann an Bosca Digiteach Poist an ceart aige féin do chuntas a scriosadh trí bliana i ndiaidh do bháis.

Teorannú dliteanais

Mura luaitear sa dlí é, ní féidir leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bheith freagrach as caillteanas, moilleanna, neamhsheachadadh agus an seachadadh mícheart cumarsáide, caillteanas sonraí, earráidí TF, víris, nó cásanna force majeure. Ní féidir leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bheith freagrach as caillteanas mar gheall ar úsáid neamhcheadaithe nó úsáid ar bith a sháraíonn na téarmaí agus na coinníollacha seo agus an polasaí príobháideachas. Mar shampla: má thugann tú rochtain do dhaoine eile ar do Bhosca Poist Digiteach, nó mura gcuireann tú an Bosca Poist Digiteach ar an eolas faoi mhírialtachtaí ar do chuntas nó go bhfuil mí-úsáid á baint as, nó má cheapann tú a leithéid.

Athruithe ar na coinníollacha úsáide

D’fhéadfadh na téarmaí agus na coinníollacha a ndéantar achoimre orthu anseo athrú, agus cuirfear aon athrú in iúl d’úsáideoirí ar bhealach soiléir agus díreach ar shuíomh gréasáin an Bhosca Poist Dhigitigh. Má dhéantar mionathruithe, cuirfear úsáideoirí ar an eolas sula ndéantar na hathruithe seo. Má dhéantar athruithe móra, áfach, seans go mbeidh ar úsáideoirí glacadh leis na téarmaí agus na coinníollacha nuashonraithe.

Cearta

Is leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus le seoltóirí aonair (Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí) gach ábhar, seachas teachtaireachtaí, sa Bhosca Digiteach Poist, lena n-áirítear ainmneacha, lógónna, trádmharcanna, grafaicí, téacs, deilbhíní, íomhánna, bogearraí srl. Cosnaíonn dlíthe maidir le cosaint trádmhairc agus cóipcheart iad ar fad.

Cúrsaí dlí

Ní sheolfar na teachtaireachtaí a fhaigheann tú i do Bhosca Poist Digiteach trí mhodhanna eile, mar shampla trí sheirbhís thraidisiúnta poist. Ach toiliú do theachtaireachtaí a fháil ó Chomhlachtaí Seirbhíse Poiblí go digiteach tríd an mBosca Poist Digiteach, tá an éifeacht chéanna dlí ag teachtaireachtaí dá leithéid dá bhfaighfeá go fisiciúil iad, de réir an Achta um Thráchtáil Leictreonach, 2000, mura luaitear a mhalairt sa dlí. Meastar go bhfuil teachtaireachtaí faighte agat nuair atá siad ar fáil sa Bhosca Poist Digiteach.  Tá sé tábhachtach do chuid freagrachtaí, a ndearnadh achoimre orthu ag tús an doiciméid seo, a bhreacadh síos agus a dhéanamh.

Rochtain mhóibíleach a bhacadh

Coimeádann an Bosca Poist Digiteach an ceart aige féin do rochtain mhóibíleach a bhacadh ar chúiseanna slándála má cheaptar gur baineadh mí-úsáid as do chuntas. Má bhactar do rochtain mhóibíleach, téigh i dteagmháil linn.