Scrios do Chuntas

Má shocraíonn tú am ar bith nach dteastaíonn uait leas a bhaint as an mBosca Poist Digiteach níos mó, is féidir leat do chuntas a scriosadh agus do thoiliú a tharraingt siar. Ach do chuntas a scriosadh, ní sheolfar teachtaireachtaí chuig do Bhosca Poist Digiteach a thuilleadh.

*Tabhair faoi deara – ní haon dóithín é do chuntas a scriosadh. Scriosfar do chuid teachtaireachtaí agus fillteán ar fad. Smaoinigh ar an méid seo sula scriosann tú do chuntas. Más mian leat leanúint ar aghaidh, moltar duit do chuid teachtaireachtaí ar fad a íoslódáil ar dtús. Is féidir é seo a dhéanamh ach an uirlis ‘Sonraí a Easpórtáil’ a úsáid.

Bíonn tréimhse chairde 48 uair an chloig i gceist – tar éis na tréimhse seo, scriosfar do chuntas agus an t-ábhar ar fad atá i do Bhosca Poist Digiteach. Ina theannta sin, ní sheolfar tuilleadh teachtaireachtaí chuig do Bhosca Poist Digiteach.

Tá eisceacht amháin ar an riail seo a bhaineann leis na logaí gníomhaíochta. Bíonn teacht ar fhaisnéis amhail “teachtaireachtaí seolta” nó “fógraí ríomhphoist seolta” i logaí gníomhaíochta. Coimeádfar an fhaisnéis seo ar feadh tréimhse ionas go mbeidh taifead ag Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí ar cé chucu ar sheol siad teachtaireachtaí. Coinneofar an fhaisnéis seo ar feadh cúig bliana ar a mhéad.

Lean na céimeanna seo a leanas chun do Bhosca Poist Digiteach a scriosadh;

Céim 1. Logáil isteach sa Bhosca Poist Digiteach, téigh go dtí ‘Próifíl Úsáideora’

 

 
Céim 2. Scrollaigh síos chun ‘Scrios do chuntas’ a fháil