Níl cuntas Bosca Poist Digiteach agam an féidir le Comhlacht Poiblí teachtaireacht dhigiteach a sheoladh chugam ar aon nós?

Ó am go chéile, is féidir comhlachtaí poiblí do thoiliú a iarraidh chun teachtaireacht a sheoladh chuig do Bhosca Poist Digiteach (is cuma cé acu atá do chuntas socraithe agat nó nach bhfuil). Má thugann tú cead dóibh é sin a dhéanamh – is féidir leis an gcomhlacht poiblí teachtaireacht a sheoladh chuig an mBosca Poist Dhigiteach chugat, agus coinneofar i gcuntas sealadach í ar feadh 30 lá nó go dtí go gcláróidh tú do chuntas Bosca Poist Digiteach. Beidh an comhlacht poiblí ar lorg do thoilithe chun an teachtaireacht a sheoladh chugat ar an dóigh seo agus beidh do PPSN, seoladh ríomhphoist agus dáta breithe curtha ar fáil agat dóibh. A luaithe agus a bhíonn an teachtaireacht seolta gheobhaidh tú foláireamh ríomhphoist chun do chuntas Bosca Poist Digiteach a chlárú.

Leave a Reply